Aitheantas ABAIR
Aitheantas ABAIR
Má úsáideann tú teicneolaíochtaí ABAIR (m.sh. aithint cainte/guthanna sintéiseacha/samhlacha teanga) i do chuid oibre, iarrtar ort ABAIR a lua.
Úsáid Teicneolaíocht ABAIR: Éilítear aitheantas a chur chun cinn
Soláthraítear teicneolaíocht ABAIR (m.sh, aithint cainte, guthanna sintéiseacha, samhlacha teanga, agus gach uirlis atá ar fáil ar shuíomh ABAIR) saor in aisce i gcomhair úsáid an phobail, cúrsaí oideachais agus úsáid neamhbhrabúis.
Má úsáidtear uirlis ABAIR i saothar faoi leith, mar shampla, fotheidil a ghineadh, tras-scríbhinní a ullmhú, nó fuaim a fheabhsú i gcomhair tionscadal poiblí nó príobháideach; iarrtar ort aitheantas a thabhairt do ABAIR sa saothar freisin.
Léiríonn an t-aitheantas seo tacaíocht agus an dul chun cinn leanúnach ar son theicneolaíocht urlabhra agus teanga na Gaeilge, go háirithe agus í saor in aisce i gcomhair phobal na Gaeilge.
Conas aitheantas a thabhairt do ABAIR
D'fhéadfaí aitheantas a thabhairt do ABAIR i saothar leis na modhanna seo a leanas:
1. Sna teidil chreidiúna físeáin (ar YouTube, Vimeo, LinkedIn, beoshruth, srl):
Gineadh na fotheidil ag úsáid ABAIR (abair.ie)
Cuireadh an teicneolaíocht aitheanta cainte seo ar fáil de bharr ABAIR, Coláiste na Tríonóide.
2. Ar shuíomh, ardáin tionscadail, nó acmhainní digiteacha:
Úsáidtear teicneolaíocht urlabhra agus teanga ABAIR sa tionscadal seo.
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh abair.ie
3. Ar ábhair chlóbhuailte (ábhar clóite agus ar líne cosúil le: suíomh gréasáin, feidhmchlár, cuntas ar na meáin shóisialta, físeán, blag, póstaer, bileog, cuireadh imeachta agus fógraí go léir):
Cuir an lógó seo san áireamh, le do thoil:
Íoslódáil Lógó ABAIR
ABAIR Logo (Hollow SVG)

ABAIR Logo (Green Outline)

ABAIR Logo (Classic)

ABAIR Logo (Flat)

ABAIR Logo (Small)
Cén fáth a n-iarrtar seo ort?
Is tionscadal taighde é ABAIR, agus braithimid ar mhaoiniú poiblí – tá an fhoireann lonnaithe sa tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide. Tá an tionscadal maoinithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Iarrtar ort aitheantas a thabhairt dúinn chun:
- trédhearcacht a léiriú
- aitheantas a thabhairt do shaothar na foirne
- earnáil dhúchasach a chur chun cinn ar son theicneolaíocht urlabhra agus teanga na Gaeilge (mar atá leagtha amach sa 'Phlean Digiteach don Ghaeilge – Teicneolaíochtaí Urlabhra agus Teanga, 2023-2027')
Má bhíonn aon cheist agat faoi chead úsáide, faoi leagan difriúil chun aitheantas a thabhairt do ABAIR, nó faoi chomhoibriú, téigh i dteagmháil linn ag abair@tcd.ie
Tiomáinte ag ABAIR




